Kerry ETB
Gaelcholáiste Chiarraí

Teachtaireacht ón bPríomhoide - Message from the Principal

Scoil lán Gaeilge dara leibhéal mheasctha is ea Gaelcholáiste Chiarraí. Tá an scoil faoi choimirce Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Bunaíodh an scoil i Meán Fómhair 1989 chun oideachais dara-leibhéal trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí an cheantair, daltaí a fuair a gcuid bhun –scolaíocht i nGaelscoileanna agus bunscoileanna nach Gaelscoileanna iad, agus tá fás agus forbairt tagtha uirthi ó shin. Sa suíomh gréasáin seo tá eolas faoi réimse leathan de ghnéithe éagsúla de shaol an Choláiste, gnéithe acadúla agus imeachtaí seach-churaclaim ina measc. Sí ár aidhm ná oideachas cuimsitheach dara leibhéal trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga i gCiarraí sa t-slí go sroichfidh gach dalta buaic a c(h)umais féin i dtimpeallacht thaitneamhach. Táimid an bhródúil agus a éiríonn le daltaí an Ghaelcholáiste go hacadúil, in imeachtaí seach churaclaim, go sóisialta agus i saol na hoibre taobh amuigh den scoil. Táimid an bhuíoch as an dea-thoil, an tacaíocht agus an comhoibriú atá le fáil againn ónár dtuismitheoirí.

Tá súil agam go dtaitneoidh an suíomh gréasáin seo leat.

Ruairí Ó Cinnéide
Príomhoide

Meith 02
2023
Scoil ag dúnadh do Laethanta Saoire an tsamhraidh
04-D.Fómh-2022
Próiseas Iontrála don scoilbhliain 2023-24
Tobar Mhaigh Dor 066 7121650
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
SUÍOMH NA SCOILE
© 2023 Gaelcholáiste Chiarraí