Kerry ETB
Gaelcholáiste Chiarraí

Sainspiorad agus Bunluachanna - Characteristic Spirit & Core Values

Picture6.png

Is scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha iad scoileanna BOO a bhfuil na croíluachanna seo a leanas mar bhonn agus mar thaca acu:

  • Barr Feabhais san Oideachas/Caighdeán;
  • Cúram;
  • Comhionannas:
  • Pobal
  • Meas
  • Cuimsiú agus
  • Foghlaim

Is mar seo a leanas a dhéanann earnáil na mBOOanna, mar sholáthróir oideachais an stáit, scoil 'il-sainchreidmheach' a shainmhíniú:

Tugtar an deis chéanna do gach dalta rollú i scoileanna BOO i gcomhréir leis an Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2018. Nuair atá daltaí ar an rolla, féachtar inár gcuid scoileanna leis na deiseanna céanna a chur ar fáil do gach dalta a bheith rannpháirteach sa churaclam agus i saol na scoile. Caitear go cothrom le gach duine de phobal na scoile i ngach gné de shaol na scoile gan beann ar chine, inscne, reiligiún/creideamh, aois, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ar duine den Lucht Siúil iad, claonadh gnéis, cumas nó stádas socheacnamaíoch.

Cuirtear timpeallacht shlán fhisiciúil agus shóisialta ar fáil inár gcuid scoileanna a chothaíonn ceangal láidir i measc phobal na scoile agus an pobal i gcoitinne. Féachann gach scoil cur ar chumas gach dalta barr a gcumais a bhaint amach gan beann ar fhéiniúlacht nó cúlra. Cuirtear oideachas lán-ionchuimsithe chun cinn inár gcuid scoileanna ina n-aithnítear an iliomad féiniúlachtaí, creideamh agus luachanna daltaí, tuismitheoirí agus bhaill den fhoireann. Ullmhaímid saoránaigh atá leathanaigeanta, a bhfuil tuiscint acu ar chultúir, atá freagrach agus a bhfuil meas acu ar chomhluachanna.

Caitear mar a chéile le daltaí de gach reiligiún agus creideamh i scoileanna BOO. Ní thugtar buntáiste d'aon ghrúpa ar leith seachas grúpa eile i dtimpeallacht ná i ngníomhaíochtaí scoile agus tugtar aitheantas ag an am céanna do dhaltaí de gach reiligiún agus creideamh agus éascaítear iad.

Meith 02
2023
Scoil ag dúnadh do Laethanta Saoire an tsamhraidh
04-D.Fómh-2022
Próiseas Iontrála don scoilbhliain 2023-24
Tobar Mhaigh Dor 066 7121650
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
SUÍOMH NA SCOILE
© 2023 Gaelcholáiste Chiarraí